Mo chuid oibre ealaíne ar siúl (Lisa Flynn)

Nuair a shroich me Tbilisi, bhí sé i gcónaí i m’intinne gurb í Georgia tír suite in áit neamhchinnte idir dhá mhór-roinn, in áit measctha darb ainm “Eurasia”. Ar leibhéal níos leathan, tá an-suim agam a bheith ag fiosrú ábhair i mo chuid cleachtadh ealaíne faoin áiteanna a bhíonn ina eatarthu, faoi spásanna nach mbeadh anseo ná ansin. Is meafar an scáth i mo chuid oibre ealaíne don idea sin. Thosaigh mé ag súgradh leis an scáth agus an iomhá gan teorainn. D’úsáid mé an grianghrafadóireacht chun mo fhreagairt láithreach do mo chuid timpeallacht a gabháil. Chuaigh me timpeall Tbilisi agus faoin tuath i Georgia ag bailiú íomhánna.

                 

Fuair mé leabhar scéalta tradisiúnta Georgia nuair a bhí mé ann, agus tá a lán inspioráid le fáil agam istigh, go háirithe mar, tríd an aistríucháin ó Georgian go Rúis go Béarla, cuireadh na bhrí trí chéile ar fad. Ceapaim go bhfuil mí-chumarsáide teangacha mar seo an-shuimiúl. Mar shampla d’athraigh “Once upon a time” tríd na h- aistríucháin go “It happened or it did not happen”… Tá scéalta tíre na Georgia an-cosúil le sean-scéalta na hÉireann, lán de draíocht agus de samhlaíocht. Táim ag aistriú na scéalta anois go dtí teanga na Gaeilge. Tá suim agam más caillfear roinnt bhrí tríd an aistriúchán eile. B’fheidir go rachfaidh na bhrí i dtreo gan ciall, nó éirí saghas  “lost in translation” . Beidh me ag léiriú na scéalta le líníocht agus grianghraif ó Tbilisi, Georgia agus Éirinn. “Ertkhel Fadó” is ainm an tionscadal seo – “Once upon a time” as Georgian/as Gaeilge. Is tagairt an teideil seo freisin go an “faded glory” a mbíonn le feicéail tríd an cathair álainn go léir ón stair trioblóideach de Tbilisi.

     

It happened, or it did not happen

Lisa Flynn 28.11.2010

Posted in Uncategorized | Leave a comment

Mo Phéintéireachtaí Ó Georgia

Bhí stiúideo álainn agam s’árasán a bhí againn idTbilisi mar pháirt an trasnú. Bhí mé an-sásta leis na trí péintéireachtaí a chríochnaigh mé tríd an am ann agus an rud a rinne mé leo. Tá smaoineamh agam le haghaidh sé chinn eile a dhéanfaidh mé ar ais i mBaile Átha Cliath. Chuirfidh mé íomhá de na cinn eile nuair a bhfuil siad críochnaithe.

 

Tríd an turas i Georgia, mar a dúirt mé cheana, bh í suim mór agam sna Halla Iontrálach

Copy of Canaletto's "City of Pirna" in plafond

agus na íomhanna a bhí na halla deisithe le – na tírdhreacha idéalach romansúil ón Iodáil, ón Mheánmhuirí, ón Pheirs agus an tOirthear. Na íomha seo i gcodarsnacht leis an réaltacht bocht i láithear sna tithe seo, agus an rélatacht agus na foirgneamh dúr Sóibhéadach taobh amuigh de na halla álainn. Ba mhaith liom saothar ealaíne a cruthú faoi an smaoineamh seo.

Shocraigh mé úsáid a bhaint as na frámaí ornáideach agus iad a chuir le íomhanna de foirgneamh dúr Sóibhéadach chun an chudarsnacht sin a thaispéaint. Tar éis iad a chríochnú shocraigh mé filleadh ar ais go dtí na halla chun na péintéireachtaí a chuir ar ais i gcomhthéacs. Seo iad na híomhánna.

Chomh maith leis na dhá chinn thuas, rinne mé péintéireach ag baint úsaid as stíl agus teicníocht de na íoconaí. Táim ag foghlaim an teicníocht, teanga agus siombailí d’íocónaí in Éirinn le haghaidh bliain amháin. Bhí deis agam i dTbilisi cuairt a thabhairt chuig scoil de íocónaí – chaitheann na mac léinn ceithre bliana ag foghlaim an teicníocht Orthdox. Ní mór dóibh chéim a fháil chun bheith in a elaíontóir le haighaidh an Eaglais.

I mo “íocón”, in aice leis an stíl traidisiún agus an ceapachán den íocón “Joachim agus Anna” bhain mé úsáid as íommhá de muintir timpeall Tbilisi, na sean foirgneamh agus na foirgneamh nua timpeall Tbilisi.

Agus an teideal air ná “Our President – he likes shiny things”.

Claire Halpin 25.11.2010

Posted in Uncategorized | Leave a comment

Batoumi – ar an dteorainn le Turkey

Bhí mé mé meáite ar snámh san Mhuir Dhubh i Batoumi in aice leis an dteorainn le Turkey. Is ea Batoumi an chathair laethanta saoire do mhuintir Georgia. Théadh Stalin ann le haghaidh a laethanta saoire, níl fhios agam ar thugadh sé a culaith snámh leis ach má bhí sé maith go leor dó tá sé maith go leor dom!

Tá a lán obair thógála ar tharla faoi láthair mar ba mhaith leis an t-uachtarán an rialtas a d’aistrigh go Batoumi mar tá sé níos mó coiteanta i Batoumi ná i dTbilisi.

Is cois fharraige áilainn é le trá cloch agus siúlbhealach leathan. Agus chuaigh mé ar snámh…cheapaim go raibh na daoine eile ar an trá ag smaoineamh go raibh mé as mo mheabhair ag snámh i mí Samhain.

Claire Halpin 24.11.2010

Posted in Uncategorized | Leave a comment

Kutaisi agus Gelati

Chuaigh mé go dtí Kutaisi – an dara príomhchathair i Georgia le haghaidh cúpla lá. Shocraigh mé dul ann mar ba mhaith liom an mhainistir Gelati a fheiceáil. Chomh maith le Mtskheta is ea Gelati an mhainistir is tábhachtach do muintir Georgia. An mhaidin a bhí mé ann bhí an t-ádh orm mar ní raibh éinne eile sa séipéil agus is féidir liom grianghraf a thógáil. Is áit an-spesialta é agus dar liom is é buaic de m’aistear do Georgia.

Bhunaigh David the Builder an mhainistir i 1106. Tá gach giota de na ballaí istigh clúdaithe le péinteáil fresco. Agus sa cruinneachán tá mósáic den Mhaighdean Mhuire. Thóg sé mo anáil uaim!

Is siúl álainn é ar ais go Kutaisi síos an sliabh tríd crann lán le líomaí, aibreog, pomagránait agus fíniúin. Ar an slí síos chuaigh mé chuig an mainistir darb ainm Motsameta – i suíomh cosúil le caisleáin i síscéal.

 

 

 

 

 

 

Claire Halpin 24.11.2010

Posted in Uncategorized | Leave a comment

Lagodekhi

Idir Georgia agus Azerbaijan........

Cathair/cheantar díreach in aice le sléibhte Caucasus is í Lagodekhi, atá suite sa réigiún na Khaketi i Georgia. Tá Lagodekhi Nature Reserve, bunaithe i 1911, suite ann freisin. Tá suim agam in áiteanna imeallach.. áiteanna idir eatarthu.. nach bhfuil anseo ná ansin. Mar sin, tháinig me fiosrach nuair a chuala mé go bhfuil an teorainn idir Georgia agus Azerbaijan i Lagodekhi. Tá grá agam a bheith ag marcaíocht capaill freisin, agus mar sin chuaigh me go dtí an teorainn, tríd na coillte, ar dhroim capaill! Ag teacht ar an imeall, tháinig sms go mo soghluaiste… “Fáilte go Azerbaijan”  I mo chuid oibre ealaíne, táim i gcónaí ag chur ceisteanna mar mheall ar an spás idir dhá áiteanna… I rith an cónaitheacht ealaíontóir freisin, bhí sé i gcónaí i mo cheann go bhfuil Georgia suite idir Europe agus Asia.. sa mhór-roinn saghas neamhchinnte is ainm “Eurasia”……

Tháinig ealaíontóir Sasanach, Helena, ar an turas go Lagodekhi liom. Ar an dara lá shocraíomar aistear a dhéanamh ar chos go Lagodekhi Waterfall. Arís, tríd na coillte, shiúlamar ar feadh dhá uair go dtí an eas.. agus ba fiú é an radharc álainn…

Lisa Flynn 23.11.2010

Posted in Uncategorized | Leave a comment

Faoi Rún Taobh Thiar De Na Dóirse i Tbilisi

Taobh thiar de na dóirse ornáideach ar fud Tbilisi bíonn íontas faoi rún ann má bhíonn an sealoadh cheart agat – na halla iontrála maisithe. Tháinig an traidisiún seo go Tbilisi sa dara leath den 19ú aois ó Eoraip. Agus cosúil le beagnach gach rud i Georgia d’aistraíodh agus meascaíodh é le chéile chun é a dhéanamh ina n-aonar.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Mar sin in sna halla iontrálach is féidir stíl ó Renaissance, Baroque, Classicism, Rococo, agus Art Nouveau a fheiceáil – taobh le taobh i halla amháin. Tá siad go híontach – rud tábhachtach  a fheiceáil d’aon cúirteoir go Tbilisi . Foilsíodh an leabhar “Tbilisi Entrance Halls” i 2008 – is leabhar álainn é agus an rud is fearr is ea go bhfuil seoladh den na halla maisithe is fearr a fheiceáil ann – agus is féidir leat iad a thar ar leatsa féin.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Bhí beagnach gach cheann a chonaiceamar i foirgneamh de réir a chéile. Chuir sé i gciumhne liom na cearnóg de tithe Georgian i mBaile Átha Cliath a chuaigh chun tionóntán ag tosaigh 20ú aois. Glóir tréigthe ó aois imithe.

 

 

 

 

 

 

 

Claire Halpin 08.11.2010

Posted in Uncategorized | Leave a comment

Ag Siúl i Kazbegi

Trí uair ó thuaidh de Tbilisi is ea Kazbegi, sráidbhaile in sna sléibhte Caucasus. Beagnach ar an dteorainn leis An Rúis, tá sé 1750m ós cionn na farraige agus ag bun an oighearshruth Mount Kazbek. Bhain áilleacht an áit an anáil dom! Níl gá cur síos a dhéanamh ar – tá sé níos fearr féachaint ar na híomhánna.

Claire Halpin 07.11.2010

Posted in Uncategorized | 1 Comment