Lá Breá Samhraidh i Georgia

Lá breá samhraidh a bhí ann. Bhí an grian ag spalpadh anuas agus shocraigh mé dul ar turas go Gori. Sé an chéad uair a bhain mé triail as an bus seirbhíseach taobh amuigh de dTbilisi.

Chomh maith lena a lán rudaí i Georgia bíonn ort níos mó am a thoabhairt chun aon rud a dhéanamh – chaith mé cúpla uair ag lorg an stáisiún traenach….agus tar éis sin ag lorg an stáisiún bus ag chur cheist ag gach oifig an féidir liom dul go Gori an lá sin. Sa deireadh fuair mé bus ann le tiománach cairdiúl!

Is baile sceirdiúil liath Sóibhéadach é Gori. An fáth in a bhfuil tábhacht i stair Georgia ar gur rugadh Josef Stalin ann – agus ní feidir dearmad a ndearna ar sin nuair a bhfuil tú ann mar Stalin Avenue darb ainm an príomh sráid. Bíonn bród mór ar an baile faoi a mhac cáiliúileach! Agus tríd turas músaem Stalin ní raibh ach cúpla habairtí faoi na Gulags agus an méad daoine a fuair bás de bharr de réim Stalin.

An tábhachatch is deireanach ag Gori i stair Georgia nach ea an buamáil ufásach i 2008 sa chogadh leis An Rúis de bharr an ceantar South Ossetia. Tá an cruthú  le feiceáil timpeall Gori.

Bhí suim mór agam dul go Gori mar bhain mé usáid as íomha ón nuachtán ón chogadh i Gori i mo phéinteáilí. Tá siad le feiceáil ar mo líonláithreán.

Claire Halpin    27.10.2010

This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.

Leave a comment