Lagodekhi

Idir Georgia agus Azerbaijan........

Cathair/cheantar díreach in aice le sléibhte Caucasus is í Lagodekhi, atá suite sa réigiún na Khaketi i Georgia. Tá Lagodekhi Nature Reserve, bunaithe i 1911, suite ann freisin. Tá suim agam in áiteanna imeallach.. áiteanna idir eatarthu.. nach bhfuil anseo ná ansin. Mar sin, tháinig me fiosrach nuair a chuala mé go bhfuil an teorainn idir Georgia agus Azerbaijan i Lagodekhi. Tá grá agam a bheith ag marcaíocht capaill freisin, agus mar sin chuaigh me go dtí an teorainn, tríd na coillte, ar dhroim capaill! Ag teacht ar an imeall, tháinig sms go mo soghluaiste… “Fáilte go Azerbaijan”  I mo chuid oibre ealaíne, táim i gcónaí ag chur ceisteanna mar mheall ar an spás idir dhá áiteanna… I rith an cónaitheacht ealaíontóir freisin, bhí sé i gcónaí i mo cheann go bhfuil Georgia suite idir Europe agus Asia.. sa mhór-roinn saghas neamhchinnte is ainm “Eurasia”……

Tháinig ealaíontóir Sasanach, Helena, ar an turas go Lagodekhi liom. Ar an dara lá shocraíomar aistear a dhéanamh ar chos go Lagodekhi Waterfall. Arís, tríd na coillte, shiúlamar ar feadh dhá uair go dtí an eas.. agus ba fiú é an radharc álainn…

Lisa Flynn 23.11.2010

This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.

Leave a comment