Kutaisi agus Gelati

Chuaigh mé go dtí Kutaisi – an dara príomhchathair i Georgia le haghaidh cúpla lá. Shocraigh mé dul ann mar ba mhaith liom an mhainistir Gelati a fheiceáil. Chomh maith le Mtskheta is ea Gelati an mhainistir is tábhachtach do muintir Georgia. An mhaidin a bhí mé ann bhí an t-ádh orm mar ní raibh éinne eile sa séipéil agus is féidir liom grianghraf a thógáil. Is áit an-spesialta é agus dar liom is é buaic de m’aistear do Georgia.

Bhunaigh David the Builder an mhainistir i 1106. Tá gach giota de na ballaí istigh clúdaithe le péinteáil fresco. Agus sa cruinneachán tá mósáic den Mhaighdean Mhuire. Thóg sé mo anáil uaim!

Is siúl álainn é ar ais go Kutaisi síos an sliabh tríd crann lán le líomaí, aibreog, pomagránait agus fíniúin. Ar an slí síos chuaigh mé chuig an mainistir darb ainm Motsameta – i suíomh cosúil le caisleáin i síscéal.

 

 

 

 

 

 

Claire Halpin 24.11.2010

This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.

Leave a comment