Mo chuid oibre ealaíne ar siúl (Lisa Flynn)

Nuair a shroich me Tbilisi, bhí sé i gcónaí i m’intinne gurb í Georgia tír suite in áit neamhchinnte idir dhá mhór-roinn, in áit measctha darb ainm “Eurasia”. Ar leibhéal níos leathan, tá an-suim agam a bheith ag fiosrú ábhair i mo chuid cleachtadh ealaíne faoin áiteanna a bhíonn ina eatarthu, faoi spásanna nach mbeadh anseo ná ansin. Is meafar an scáth i mo chuid oibre ealaíne don idea sin. Thosaigh mé ag súgradh leis an scáth agus an iomhá gan teorainn. D’úsáid mé an grianghrafadóireacht chun mo fhreagairt láithreach do mo chuid timpeallacht a gabháil. Chuaigh me timpeall Tbilisi agus faoin tuath i Georgia ag bailiú íomhánna.

                 

Fuair mé leabhar scéalta tradisiúnta Georgia nuair a bhí mé ann, agus tá a lán inspioráid le fáil agam istigh, go háirithe mar, tríd an aistríucháin ó Georgian go Rúis go Béarla, cuireadh na bhrí trí chéile ar fad. Ceapaim go bhfuil mí-chumarsáide teangacha mar seo an-shuimiúl. Mar shampla d’athraigh “Once upon a time” tríd na h- aistríucháin go “It happened or it did not happen”… Tá scéalta tíre na Georgia an-cosúil le sean-scéalta na hÉireann, lán de draíocht agus de samhlaíocht. Táim ag aistriú na scéalta anois go dtí teanga na Gaeilge. Tá suim agam más caillfear roinnt bhrí tríd an aistriúchán eile. B’fheidir go rachfaidh na bhrí i dtreo gan ciall, nó éirí saghas  “lost in translation” . Beidh me ag léiriú na scéalta le líníocht agus grianghraif ó Tbilisi, Georgia agus Éirinn. “Ertkhel Fadó” is ainm an tionscadal seo – “Once upon a time” as Georgian/as Gaeilge. Is tagairt an teideil seo freisin go an “faded glory” a mbíonn le feicéail tríd an cathair álainn go léir ón stair trioblóideach de Tbilisi.

     

It happened, or it did not happen

Lisa Flynn 28.11.2010

This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.

Leave a comment