Art Villa Garikula

Art Villa Garikula

Chaitheamar lá iontach ag Art Villa Garikula Dé Sathairn seo chaite. Is teach ealaíontóir cónaithe é, agus tá an doras oscailte do taistealaí freisin. Is é Karaman Kutateladze an bunaitheoir. Ba léachtóir é ag Tbilisi State Academy of Arts ar feadh 25 bhliain, agus ansin shocraigh sé a chuid aisling a chruthú.. sráidbhaile do ealaíontóirí, ina mbeadh saoirse agus féidearthacht na rudaí is tábhachtaí. Chonaic mé le mo shúile féin gurb áit speisialta é Garikula.. Is feidir leat níos mó eolas a léamh ar Garikula agus an clár ealaíontóir cónaithe tríd an suíomh gréasáin seo:

http://www.garikula.org

Lisa Flynn 01.11.2010

Posted in Uncategorized | Leave a comment

Artisterium 2010

Ghlac trúir ealaíontóir Éireannach páirt in “Artisterium 2010”, le haghaidh Éire agus Cló Ceardlann na gCnoc – Claire Halpin, Ian Joyce agus Lisa Flynn. Is feidir a gcuid oibre le feicéail tríd an nasc seo, ar leathanaigh 120-122

http://www.artisterium.org/catalogue.html

Lisa Flynn 28.10.2010

Posted in Uncategorized | Leave a comment

Tbilisi Doll Museum/Nino Brailashvili

Thug mé cuairt ar Iarsmalann na Babóige, Tbilisi. Bunaithe i 1937 le Tinatin Tumanishvili, tá níos mó ná 2000 píosaí ag an iarsmalann; babóige meicniúil agus ealaíonta, babóige tíre na tSeoirsia, agus roinnt eile eachtrannach a thugtar don iarsmalann mar bhronntanais as Europe agus Asia.

Tbilisi Doll Museum

"Samaia" le Gleb Alexandrov

 

 

 

 

 

 

 

 

Is áit saghas ait, mistéireach agus b’fheidir diamhracht é an iarsmallann seo.. ach chuir sé faoi draíocht mé. Thug an treoraí eolas dom ar stairiúl agus ceardaíocht de beagnach gach babóg.

Thosaigh stairúil an iarsmalann le babóige Nino Brailashvili (1899-1990). Bhí suim ag Nino in ealaín na tíre, agus úsáid sí rudaí éagsúla chun a chiud oibre a dhéanamh, mar shampla; adhmad, éadach, corc, leathar, pumpkin… (!) An rud is fearr liom san iarsmalann ná línaíocht an ealaíontóir seo, ar crochadh ar na mballa in aice lena babóige. Níl a lán eolas le fáil ar an ealaíontóir maith Seoirseach seo, agus mar sin ba mhaith liom cúpla shampla don obair Nino Brailashvili a thaispeáint libh anseo…

Lisa Flynn 28.10.2010

"Design of a Doll" Nino Brailashvili (sketch)

"Pumpkins" Nino Brailashvili

"Princess" Nino Brailashvili's sketch for Hans Christian Anderson's "Princess and the Pea"

Posted in Uncategorized | Leave a comment

Post níos meanmnach agus níos giorra ná an cheann deireanach

Íocón de Naomh Nino ó Mainistir Shiomgvime, ón 17ú aois.

 

 

 

 

 

 

Claire Halpin 27.10.2010

Posted in Uncategorized | Leave a comment

Lá Breá Samhraidh i Georgia

Lá breá samhraidh a bhí ann. Bhí an grian ag spalpadh anuas agus shocraigh mé dul ar turas go Gori. Sé an chéad uair a bhain mé triail as an bus seirbhíseach taobh amuigh de dTbilisi.

Chomh maith lena a lán rudaí i Georgia bíonn ort níos mó am a thoabhairt chun aon rud a dhéanamh – chaith mé cúpla uair ag lorg an stáisiún traenach….agus tar éis sin ag lorg an stáisiún bus ag chur cheist ag gach oifig an féidir liom dul go Gori an lá sin. Sa deireadh fuair mé bus ann le tiománach cairdiúl!

Is baile sceirdiúil liath Sóibhéadach é Gori. An fáth in a bhfuil tábhacht i stair Georgia ar gur rugadh Josef Stalin ann – agus ní feidir dearmad a ndearna ar sin nuair a bhfuil tú ann mar Stalin Avenue darb ainm an príomh sráid. Bíonn bród mór ar an baile faoi a mhac cáiliúileach! Agus tríd turas músaem Stalin ní raibh ach cúpla habairtí faoi na Gulags agus an méad daoine a fuair bás de bharr de réim Stalin.

An tábhachatch is deireanach ag Gori i stair Georgia nach ea an buamáil ufásach i 2008 sa chogadh leis An Rúis de bharr an ceantar South Ossetia. Tá an cruthú  le feiceáil timpeall Gori.

Bhí suim mór agam dul go Gori mar bhain mé usáid as íomha ón nuachtán ón chogadh i Gori i mo phéinteáilí. Tá siad le feiceáil ar mo líonláithreán.

Claire Halpin    27.10.2010

Posted in Uncategorized | Leave a comment

Táimid anseo..

Cathair álainn, dochreidte is ea Tbilisi.. Sa chéad seachtain, bhí a lán rudaí nua a gabháil isteach linn – mar shampla, an cultúr nua agus an teanga difriúil. Ní raibh sé ro-imeaglacht áfach, mar is daoine an-cháirdúil, an-chabhrach iad na Sheoirseach. Tá siad an-bhródúil don cathrach féin and bíonn fonn láidir oraibh Tbilisi a thaispéaint dúinn.

Old Tbilisi

Chuamar ar thuras go Mtskheta (lasmuigh den cathair) le Goika agus Nina, beirt muintir na háite. Thaispéain siad an tséipéail Jvari, an mainistir Shiomgvime agus ardeaglais Svetitskhoveli dúinn.. Áiteanna draíochtmhar be ea iad, agus an tuath/na sléibhte freisin. An príomh-religúin i Georgia ná Críostaí Ceartcreidmheach. Bíonn ar na mná scairfaí a caitheamh ar a cheann ag dul isteach sna tséipéail. Ní taitníonn sé sin liomsa! Ach is fiú é chun na freaiscó iontach a fheicéail laistigh.

Seo é cúpla griangraif don turas..

Lisa Flynn 24.10.2010

Mainistir Shiomgvime

Séipéal Jvari, Mtskheta

Posted in Uncategorized | 1 Comment

Seachtain Amháin i dTbilisi, Georgia

Seo é mo chéad phost ó Tbilisi. Cheapaim go mbeidh an cheann seo níos faide ná na chinn seo chugainn mar is é an chéad cheann agaus tá a lán déanta againn sa chéad seachtain.
Chaith mé beagnach an seachtain go léir ag súil timpeall an chathrach agus tríd na sráideanna ag féachaint ar gach rud i dTbilisi – ag cuardach agus ag súigh gach taobh den saol agus cultúr san cathrach ollmhór seo.

Tá a lán ailtireacht difriúil le feiceáil agus is féidir leat leathanaigh stair an Georgia a léamh tríd na foirgneamh ar fud an chathrach.
Ó na séipealaí lán le íocónaí álainn ón 4ú aois.

Na títhe traidisiúnta le geataí tosaigh, dóirse máisiúl agus balcóiní déanta le adhmaid ón 19ú aois.

Agus in aice le sin na foirgneamh agus dealbhaí ollmhór Sóibhéadach atá ann fós agus a gcuireann i gcuimhne duit nach bhfuil sé ach timpeall fiche bliain ó shin go raibh an tír seo faoi réim Cumannachas crua.

Agus faoi láthair tá scéim foirgneamh nua á thogáilt gach áit ar fud Tibilisi. Mar a dúirt Goika (chairde Ian agus Oona) an chéad uair a bhuail sé linn gur brionglóidí an t-Uachtarán iad – “Our President, he likes shiny new things”.

Claire Halpin 24.10.2010

Posted in Uncategorized | 1 Comment